August Strindberg

Áirítear Johan August Strindberg ar scríbhneoirí móra na Sualainne. Rugadh ar an 22 Eanáir 1849 i Stócólm é, agus shíothlaigh sé san áit chéanna ar an 14 Bealtaine 1912. Scríobhadh sé drámaí, gearrscéalta, úrscéalta agus prós dírbheathaisnéiseach, agus bhain sé amach clú agus cáil taobh amuigh den tSualainn féin lena chuid drámaí.

I rith dhá scór bliain bhí Strindberg ina lárphointe a raibh saol liteartha na Sualainne ag casadh ina thimpeall. Bhíodh sé ina chnámh spairne go minic, agus a lán caismirtí pearsanta ag imeacht idir é agus scríbhneoirí eile a linne. Cé go staonadh sé ón scríbhneoireacht ó am go ham, bhí sé iontach bisiúil, agus d'fhág sé a bhlas féin ar an tSualainnis. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
le Strindberg, August, 1849-1912,
Foilsithe 2007
Digitalia Hispánica
ríomhLeabhar
2
le Strindberg, August, 1849-1912,
Foilsithe 2010
Digitalia Hispánica
ríomhLeabhar
3
le Strindberg, August, 1849-1912,
Foilsithe 2012
Digitalia Hispánica
ríomhLeabhar