Michael McCarthy
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Chorcaigh Thiar-Theas é Michael McCarthy (Gaeilge: ''Mícheál Mac Cárthaigh'') (rugadh é ar 15 Samhain 1976). Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus ina TD ón mbliain 2011. Iarbhall de Sheanad Éireann é agus céadthoghadh chuig an oifig sin sa bhliain 2002 é, agus atoghadh é in 2007 ar phainéal an Lucht Oibre. Is as Dúnmaonmhuí in iarthar Chorcaí dó ó dhúchas, agus leag sé cos ar thairseach na polaitíochta i gcéaduair in aois a 22 bliana trí shuíochán a ghnóthú ar son Pháirtí an Lucht Oibre ar Chomhairle Chontae Chorcaí i limistéar toghcháin an Sciobairín.Sheas sé san Olltoghchán 2016, ach chaill sé a shuíochán. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
- 1
- 2
- Ar aghaidh »
- [2]