Juan Ramón Jiménez
File agus scríbhneoir Spáinneach ab ea Juan Ramón Jiménez Mantecón (23 Nollaig 1881 – 29 Bealtaine 1958). Do rugadh é ar an 23ú lá de mhí na Nollag i gcathair Moguer na Spáinne agus do fuair sé bás ar an 29ú lá de Bhealtaine i San Juan, príomhchathair Phórtó Ríce. Do bhí sé ar deoraíocht ón bhliain 1936 amach, bliain a d'fhágadar eisean agus a bhean chéile a dtír dhúchais toisc gur sheasadar in aghaidh réimis den Ginearál Franco.Is é ''Platero y yo'' (Gaeilge: 'Mise agus Platero'), scéal fileata a foilsíodh sa bhliain 1917, an saothar is iomráití dá chuid. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1956. Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16