Pierre Bourdieu

Rugadh Pierre Bourdieu, socheolaí Francach, an 11 Lúnasa, 1930 in Denguin (Pyrénées-Atlantiques) agus fuair sé bás 23 Mí Eanáir 2002 i 12ú buirg Pháras.

Meastar go bhfuil sé ar dhuine de na socheolaithe is tábhachtaí sa dara leath den 20ú haois. Rangaigh an Association internationale de sociologie a shaothar ''La Distinction'' i measc na ndeich saothar is tábhachtaí i socheolaíocht na linne.

Ina theannta sin, mar gheall ar a ról sa saol poiblí, sna blianta deiridh dá shaol bhí sé ar dhuine de na daoine ba aitheanta a bhí ag gníomhú i saol intleachtúil na Fraince. Bhí tionchar nach beag ag a chuid smaointeoireachta ar na daonnachtaí agus ar na heolaíochtaí sóisialta, go háirithe ar shocheolaíocht na Fraince sa téimhse i ndiaidh an chogaidh. Socheolaíocht an fhoilsithe, rinneadh go leor pléite uirthi, agus cáineadh go háirithe é as fís chinniúnaíoch den saol sóisialta a chosnaigh sé féin.

Tá a shaothar socheolaíochta bunaithe ar anailís ar na meicníochtaí trína ndéanann ordlathais shóisialta atáirgeadh orthu féin. "Atáirgeadh cultúrtha" a thugtar ar an tslí a ndéantar foirmeacha, luachanna, cleachtais agus comhthuiscintí cultúrtha reatha (.i. noirm) a tharchur ó ghlúin go glúin, agus ar an gcaoi sin leanúnachas an eispéiris chultúrtha a chothú thar am. Áitíonn Bourdieu a thábhachtaí atá fachtóirí cultúrtha agus siombalacha san atáirgeadh sóisialta seo agus cáineann sé an tosaíocht a thugtar do thosca eacnamaíocha i gcoincheapa Marxacha. Bhí sé ar intinn aige aibhsiú a dhéanamh ar an ról ríthábhachtach atá ag cumas gníomhairí (is iad sin, daoine atá ag gníomhú) atá i suíomh ceannasach a gcuid táirgeadh cultúrtha agus siombalach a chur i bhfeidhm in atáirgeadh chaidrimh shóisialta an fhorlámhais. Ina anailís socheolaíochta tá ríthábhacht leis an rud ar a dtugadh "foréigean siombalach" (''la violence symbolique''), a shainmhíníonn sé mar an cumas chun neamhaird dhéanamh ar threallachas (míchothroime faoin dlí) na dtáirgeachtaí siombalacha seo, agus dá bhrí sin glacadh leo mar nithe dlisteanacha. Is é sin le rá go bhfuil cúis ag gníomhairí a rá go bhfuil an t-ord sóisialta mar atá nádúrtha, agus tríd sin tacaíonn siad leis na struchtúir shóisialta atá ann.

Dar le Pierre Bourdieu go raibh saol sóisialta shochaithe nua-aimseartha an domhain roinnte ina "réimsí" ("''champs''") mar a thugadh sé orthu. Facthas dó go raibh difreáil na ngníomhaíochtaí sóisialta tar éis fo-spásanna sóisialta a chothú, mar shampla i réimse na healaíne nó sa réimse pholaitiúil. Fo-spásanna a bhí iontu seo a bhí speisialaithe ar mhaithe le gníomhaíocht shóisialta ar leith. Bhí neamhspleáchas áirithe ag na réimsí seo i leith na sochaí ina hiomláine. Tá siad ordlathach agus tagann an dinimic a fheictear iontu as streachailt iomaíoch inmheánach a bhíonn ar bun ag gníomhairí sóisialta iontu chun róil cheannasacha a bhaint amach. Mar sin, ar nós anailísithe Marxacha, áitíonn Pierre Bourdieu go bhfuil tábhacht ag baint leis an streachailt agus le coimhlint i bhfeidhmiú sochaí ar bith. Ach dar leis gurbh iad na coimhlintí seo an rud ba thábhachtaí i ngach "réimse" sóisialta. Is ó na hordlathais sna réimsí féin a thagann na coimhlintí seo agus bíonn siad bunaithe ar an aighneas idir na gníomhairí sin atá forlámhach agus na gníomhairí sin a n-imrítear forlámhas orthu. Dar le Bourdieu, mar sin, bíonn níos mó i gceist le coimhlintí thar mar a bhíonn sa choimhlint sin idir aicmí sóisialta mar a phléitear in anailís Mharxach.

D'fhorbair Pierre Bourdieu teoiric gnímh chomh maith, timpeall ar choincheap an ''habitus''. Is éard atá sa ''habitus'' ná an bealach a mbraitheann agus a bhfreagraíonn daoine don domhan sóisialta ina gcónaíonn siad, trína a gcuid nósanna pearsanta, a scileanna agus meon nó claonadh a gcarachtar. Bhí tionchar mór ag an gcoincheap seo ar na heolaíochtaí sóisialta. Féachann an teoiric seo lena thaispeáint go bhforbraíonn gníomhairí sóisialta straitéisí a bhíonn bunaithe ar líon beag claontaí a fhaightear trí shóisialú daonna. Claontaí iad atá neamh-chomhfhiosach agus cuirtear iad in oiriúint do riachtanais an domhain shóisialta. Eagraítear saothar Bourdieu mar sin timpeall ar chúpla coincheap lárnach: ''habitus'' mar phrionsabal a bhaineann le gníomhaíocht a bhíonn ar bun ag gníomhairí, ''an réimse'' mar spás bunúsach don iomaíocht shóisialta agus ''an'' ''foréigean siombalach'' mar phríomh-mheicníocht chun caidreamh forlámhach a chur i bhfeidhm. Bhain Bourdieu úsáid as an téarma ''struchtúrachas géiniteac''h (nó ''tógachaíoch'') chun a choincheap maidir le struchtúir shóisialta agus an tslí a gcuirtear le chéile iad agus a ndéantar iad a chlaochlú a mhíniú.

clé|mion| Meánscoil Louis-le-Grand, rue Saint-Jacques. mion| [[École normale supérieure|École Normale Supérieure, Cour aux Ernests.]] mion| Sráidbhaile traidisiúnta Caibíleach . mion| Príomhcheanncheathrú Scoil an Ard-Léinn sna hEolaíochtaí Sóisialta (EHESS) sa 6ú buirg i bPáras . mion| Fronton [[:fr:Collège_de_France|Collège de France]] Curtha ar fáil ag Wikipedia
1
le Bourdieu, Pierre, 1930-2002.
Foilsithe 2001
Faigh an téacs iomlán
ríomhLeabhar
2
le Bourdieu, Pierre, 1930-2002,
Foilsithe 2014
Údair Eile: ...Bourdieu, Pierre, 1930-2002....
Digitalia Hispánica
ríomhLeabhar
3
le Sayad, Abdelmalek.
Foilsithe 2010
Údair Eile: ...Bourdieu, Pierre, 1930-2002...
Digitalia Hispánica
Leictreonach ríomhLeabhar